Turais do ghrúpaí ginearálta

Ar thóir turas suimiúil do ghrúpa, do chumann nó do eagraíocht? Cad faoi turas lae mar chúiteamh do d’fhoireann díograiseach?

General Group Tours

Tá treoruithe ar fáil do gach saghas grúpa, grúpaí teaghlaigh, cairde agus comhghleacaithe, clubanna spóirt, gasóga agus grúpaí sainspéise amhail grianghrafadóireacht, an fiadhúlra, stair mhuirí nó caomhantas. Bainfidh siad go léir taitneamh as stair, oidhreacht agus tírdhreach an Fhóid Dhuibh, an tsráidbhaile agus an tí solais.

Seans aon-uaire é, seans sonrach agus speisialta, cuairt a thabhairt ar theach solais stairiúil atá fós feidhmiúil i gceann de na háiteanna is áille in Éirinn!

Tá rud éicint do gach grúpa ag Teach Solais an Fhóid Dhuibh

Mar gheall ar an leagan amach atá ar an dteach Solais tá teorann leis an líon cuairteoirí ar féidir a ligean isteach ag aon am. Tá grúpa suas le seisear ceadaithe le do chuairt chaighdeánach. Má tá breis agus seisear i do ghrúpa déan teagmháil linn chun breis eolais a fháil le do thoil.

Déanfaidh ár d’treoraithe eolasacha cinnte de go mbainfidh do ghrúpa taitneamh as a thuras.

General Group Tours

Foghlaim faoin stair go léir ar thurais treoraithe do Theach Solais an Fhóid Dhuibh

Scéalta Cuairteoirí

Léigh ár Nuacht & Ailt is déanaí

Le haghaidh scéalta, léargais agus níos mó, cláraigh dár nuachtlitir trí do ríomhphost a chur ar fáil.