Tabhair faoi thuras treoraithe ar Teach Solais an Fhóid Dhuibh

Déanann an eibhir ‘ruby’ ​​​​agus na comhlaí glasa den teach solais griangraph iontach in aghaidh an chúlra shléibhe Acla, Sliabh Mór. Ach ar chuir tú ceist ort féin riamh cad atá taobh thiar de na doirse móra glasa?

Tabharfaidh ár dtreoraithe tú ar aghaidh tríd seomraí na sainchomhartha tíre íocónacha, ag fíodóireacht scéalta faoi shaol an tí solais in am i bhfad roimh an uathoibriú. Tóg staighre an túr go dtí an seomra solais chun go bhfeicfidh tú an lionsa Fresnel. Tá slí amach tríd an doras beag miotail ar an mbalcóin agus is féidir sos a ghlacadh ansin chun an muirdhreach lánléargais a fheiceáil, bainfidh an radharc d’anáil uait! Foghlaim conas a mhúnlaíodh imeachtaí domhanda ón taobh istigh de na ballaí tiubha eibhir seo, faoin tragóid uafásach ar an uisce agus mar a dhéileáil agus a d’éirigh le pobal beag cois farraige trí dhúshláin agus cheiliúradh.

Sonraí an Turas

Bí ar an eolas: Is teach solais lánfheidhmiúil é an Fhóid Dhuibh a fheidhmíonn freisin mar stáisiúin athbhreoslaithe d’fhoirne curdaigh agus tarrthála, agus de bharr seo ó am go chéile cuirfidh sé isteach ar na turais. Má tharlaíonn sé seo eiseofar aisíocaíocht.

Grúpaí / Scoileanna: chun freastal ar ghrúpaí nó chun eolas a fháil faoi turasanna oideachas, déan teagmháil linn ag eolas@ionaddeirbhile.ie nó glaoigh ar 09785727

Foghlaim faoin stair go léir ar thurais treoraithe do Theach Solais an Fhóid Dhuibh

Scéalta Cuairteoirí

Léigh ár Nuacht & Ailt is déanaí

Le haghaidh scéalta, léargais agus níos mó, cláraigh dár nuachtlitir trí do ríomhphost a chur ar fáil.