Turas Cogaidh Leithinis an Mhuirthead

With the whole world reeling from World War 2, you might be surprised to learn that Blacksod played a surprisingly important role in the turmoil.

An domhan trí chéile

Ní raibh ann ach gnáth-fhaisnéis aimsire curtha isteach ag cléireach Oifig an Phoist, Maureen Flavin, ach de bharr é a bheith idircheapa ag Eisenhower cuireadh moill ar D-Day agus tháinig athrú  ar chúrsaí an chogaidh agus ar chúrsaí staire an domhain dá bharr.

Cloisfidh tú an scéal léanmhar faoi Theach Solais na Carraige Duibhe, an t-aon áit í gContae Mhaigh Eo ionsaithe ag an Luftwaffe, ionsaí a d’fhág an díon, na fuinneoga agus an laindéar scriosta agus a d’fhág fear óg Éireannach marbh.
Foghlaim faoi Operation Green, an cód-ainm ar plean Hitler chun Eire a ionsaí ar a mbealach go dtí an Bhreatain. De réir Operation Green ainmníodh an Muirthead mar limistéar a raibh spéis mhíleata ag baint leis. An bagairt i ndáiríre a bhí sa phlean Operation Green nó bhféidir iarracht chun fórsaí míleata a chur amú?

Mullet Peninsula & WWII
Mullet Peninsula & WWII

Ár Neodracht i mBaol

Ar an turas treoraithe beidh tú gafa le stair fhíorspéisiúil an ama. Cloisfidh tú faoi túr Napoléon ag Glais in aice láimhe atá le feiceáil ó Theach Solais na Carraige Duibhe agus faoi na comharthaí séamafóir a sheoladh eadarthu i bhfad roimh theacht na teicneolaíochta. Tá iarsma de comhartha ‘Éire’ – Éire 6 – le feiceáil in aice láithreach. Úsáideadh na litreacha móra seo, a tógadh idir 1942 agus 1943, mar áiseanna loingseoireachta chun cur in iúl do bhuamadóirí san aer go raibh siad ag eitilt thar Éirinn neodrach. Tharla mórán gníomhaíochta U-Bhád le linn Cath an Atlantaigh agus ag an am sin bhí neodracht na hÉireann i mbaol ar bhonn laethúil!

Sonraí an Turas

Bí ar an eolas: Is teach solais lánfheidhmiúil é an Fhóid Dhuibh a fheidhmíonn freisin mar stáisiúin athbhreoslaithe d’fhoirne curdaigh agus tarrthála, agus de bharr seo ó am go chéile cuirfidh sé isteach ar na turais. Má tharlaíonn sé seo eiseofar aisíocaíocht.

Grúpaí / Scoileanna: chun freastal ar ghrúpaí nó chun eolas a fháil faoi turasanna oideachas, déan teagmháil linn ag eolas@ionaddeirbhile.ie nó glaoigh ar 09785727

Mullet Peninsula & WWII

Foghlaim faoin stair go léir ar thurais treoraithe do Theach Solais an Fhóid Dhuibh

Scéalta Cuairteoirí

Léigh ár Nuacht & Ailt is déanaí

Le haghaidh scéalta, léargais agus níos mó, cláraigh dár nuachtlitir trí do ríomhphost a chur ar fáil.