Teach Solais an Fhóid Dhuibh agus an Sráidbhaile

An tslí is fearr chun fíor-bhlas a fháil ar an saol san Fhód Dubh ná trí thuras tumthach an tsráidbhaile. Bain taitneamh as aer úr Iorrais agus tú ag gabháil siar tríd an am atá thart le treoraithe oilte agus iad ag insint scéalta faoi stair agus béaloideas na háite. Feicfidh tú na hiascairí ag dílódáil, buailfidh tú leis na daoine áitiúla i mbun oibre nó i gcuideachta a chéile ar an gCé. Bíodh cluas ort do chanúint uathúil na Gaeilge a úsáidtear go laethúil sa cheantar seo.

Gairdín Cuimhneacháin Tuke um Imirce Cuidithe

Bhí imirce trasatlantach tábhachtach maidir le marthanas chuid mhaith de dhaonra na tuaithe seo ó am an Ghorta. 1882 bhunaigh an daonchara James Hack Tuke clár um Imirce Chuidithe sa bhFód Dubh, clár ar a dtugadh an Tuke Fund iaramh. Chabhraigh an clár seo le breis agus 3,300 duine an t-aistear fada ar longa gaile a dheanamh siar go Meiriceá agus Ceanada, d’fhonn saol nua a bhaint amach dóibh féin. Tamall de bhlianta ó shin chuir an pobal áitiúil gairdín cuimhneacháin anseo chun na heachtraí seo a chomóradh. Is mór-mheabhrúchán é an gairdín ciúin, suaimhneach seo ag cur i gcuimhne dúinn an stair roinnte atá eadrainn agus a dhúisíonn buíochas ionann. Is áit aoibhinn é freisin le suí agus le taitneamh a bhaint as an radharcra álainn cois farraige.

Béaloideas agus Fabhalscéalta, Miotais agus Finscéalta

Tá scéalta dochreidte le cloisteáil sa bhFód Dubh, scéalta faoi Ghráinne Ní Mháille, faoin Armáid Spáinneach, faoi Chlann Lir agus faoi stair oileáin Inis Gé. Tá stair mhuirí shaibhir againn – ón gcurach umhal atá ar a cumas turas trasatlantach a dhéanamh go dtí an poll beag faochan ar an gcladach – tá ár dtreoraithe eolasach faoi chuile shórt in Iorras. Cuir ceist faoi éiceolaíocht, faoi flora agus fauna, faoin seandálaíocht, faoi ról na Gaeilge nó faoi saol an choimeádaí sa Teach Solais ag deireadh an naoú haois déag – seans go gcuirfidh scéalta an Fhóid Dhuibh ionadh ort!

Sonraí an Turas

Bí ar an eolas: Is teach solais lánfheidhmiúil é an Fhóid Dhuibh a fheidhmíonn freisin mar stáisiúin athbhreoslaithe d’fhoirne curdaigh agus tarrthála, agus de bharr seo ó am go chéile cuirfidh sé isteach ar na turais. Má tharlaíonn sé seo eiseofar aisíocaíocht.

Grúpaí / Scoileanna: chun freastal ar ghrúpaí nó chun eolas a fháil faoi turasanna oideachas, déan teagmháil linn ag eolas@ionaddeirbhile.ie nó glaoigh ar 09785727

Foghlaim faoin stair go léir ar thurais treoraithe do Theach Solais an Fhóid Dhuibh

Scéalta Cuairteoirí

Léigh ár Nuacht & Ailt is déanaí

Le haghaidh scéalta, léargais agus níos mó, cláraigh dár nuachtlitir trí do ríomhphost a chur ar fáil.