urais Ailtireachta iontacha de Theach Solais an Fhóid Dhuibh agus den sráidbhaile!

Speisialta i réimse na hailtireachta

Ní minic muid ag déanamh gaisce de seo ach is áit speisialta é an Fód Dubh maidir le hailtireacht agus le hinnealtóireacht. Le hinnealtóirí a raibh cáil domhanda orthu i mbun oibre, iad ag dearadh agus ag maoirseacht an obair tógála den Teach Solais agus den Ché, d’fheadfá a rá go rabhamar ceannródaíoch ó thaobh nuálaíochta de ag deireadh an naoú haois déag.

Leis an bpleanáil a bhí ar cois ag an am le Londain, na Stáit Aontaithe agus an Mhuir Chairib a cheangail via Cé an Fhóid Dhuibh, bhí an baile beag s’againne i gceartlár na cruinne ag an am.

An Foirgneamh Stairiúil - athbheoite

Chun na fíricí seo a nochtadh rinneamar mionscrúdú ar an stair, ar an am atá caite, ar na linne seo agus ar an dtodhchaí maidir le hailtireacht an Tí Solais. Bígí linn ar thuras ailtireachta atá tarraingteach agus spéisiúil. Faigh amach faoi stair shaibhir an fhoirgnimh cosanta seo, an ceangail idir an Teach Solais agus an tírdhreach agus na carachtair cháiliúla a bhí páirteach ina bhunús. Cloisfidh tú scéalta faoi na tionscadail ollmhóra tógtha idir lámha ag Nimmo, Bald & Co agus faoin ‘All Red Route’, an ceangal talún a bhí beartaithe idir an Fód Dubh agus Londain. Gheobhaidh tú gar-amharc den Lionsa Fresnel úrscothach, suiteáilte Meitheamh 1866 agus fós ag feidhmiú sa lá atá inniu ann! Ma tá suim agat san ailtireacht, san fhoirgníocht nó san innealtóireacht bainfidh tú taitneamh as an turas seo. Táimid sásta turais a chur ar fáil do ranganna le hailtire áitiúil mar threoraí. Déan teagmháil linn chun eolas breise a fháil.

Sonraí an Turas

Bí ar an eolas: Is teach solais lánfheidhmiúil é an Fhóid Dhuibh a fheidhmíonn freisin mar stáisiúin athbhreoslaithe d’fhoirne curdaigh agus tarrthála, agus de bharr seo ó am go chéile cuirfidh sé isteach ar na turais. Má tharlaíonn sé seo eiseofar aisíocaíocht

Grúpaí / Scoileanna: chun freastal ar ghrúpaí nó chun eolas a fháil faoi turasanna oideachas, déan teagmháil linn ag eolas@ionaddeirbhile.ie nó glaoigh ar 09785727

Foghlaim faoin stair go léir ar thurais treoraithe do Theach Solais an Fhóid Dhuibh

Scéalta Cuairteoirí

Léigh ár Nuacht & Ailt is déanaí

Le haghaidh scéalta, léargais agus níos mó, cláraigh dár nuachtlitir trí do ríomhphost a chur ar fáil.